Vótalfaidh an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht inniu ar bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe (bithbhreoslaí agus leictribhreoslaí ardfhorbartha) a úsáid chun astaíochtaí ó aerárthaí🛫a laghdú go suntasach 📉
Lean anseo ➡️http://eptwitter.eu/q7Vp
🐦🔗: https://nitter.eu/Europarl_GA/status/1541454669465223169
Tá Oifig Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa ag céiliúradh Bród na nAerach sa pharáid inniu i mBaile Átha Cliath 🏳️🌈🏳️⚧️
🐦🔗: https://nitter.eu/Europarl_GA/status/1540666125700149249
Chinn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Eorpach inné stádas tír is iarrthóir a dheonú don Úcráin 🇺🇦 agus do Phoblacht na Moldóive 🇲🇩
De réir Roberta Metsola @EP_President, cinneadh riachtanach atá ann agus is lá stairiúil é!
🐦🔗: https://nitter.eu/Europarl_GA/status/1540333031935938564
Beidh seisiún iomlánach ar siúl sa Bhruiséil amárach. Ar an gclár oibre:
📌 An t-Athrú Aeráide
📌 Cúltaiscí Gáis san AE
📌 Deimhniú Digiteach COVID
Lean anseo ➡️ http://eptwitter.eu/q7PJ
🐦🔗: https://nitter.eu/Europarl_GA/status/1539278795995234304
🕊️ Inniu an Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú Foréigin Ghnéasaigh sa Choinbhleacht
Seasann an AE 🇪🇺 leis na marthanóirí, na híospartaigh agus na daoine atá ag obair agus ag tacú leo.
🐦🔗: https://nitter.eu/Europarl_GA/status/1538558726994481152
Ní mór don AE athrú ionas gur féidir leis gníomhú níos tapúla, go deimhneach agus go héifeachtúil.
Chuir Parlaimint na hEorpa roinnt smaointe chun cinn an tseachtain seo caite chun conarthaí an AE a athrú bunaithe ar mholtaí an Chomhdháil ar Thodhcaí na hEorpa #IsLeatsaAnTodhcaí
🐦🔗: https://nitter.eu/Europarl_GA/status/1537721719980298240
Seasann an Pharlaimint – agus an tAontas Eorpach i gcoitinne – an fód chun cearta na mban agus comhionannas inscne a chur chun cinn san ionad oibre, sa pholaitíocht agus in earnálacha eile.
Tuilleadh eolais ➡️ http://eptwitter.eu/q7K9
🐦🔗: https://nitter.eu/Europarl_GA/status/1537443535187677185
Maidin Dé Céadaoin, labhair an Taoiseach @MichealMartinTD le Parlaimint na hEorpa.
Mar chuid dá chaint, rinne sé tagairt de stádas oifigiúil na Gaeilge san AE "Tá an Ghaeilge anois ar chomhchéim le teangacha bhunaitheoirí eile an Aontais Eorpaigh." 🇪🇺🇮🇪
🐦🔗: https://nitter.eu/Europarl_GA/status/1535683284432191489
Labhróidh An Taoiseach @MichealMartinTD le Parlaimint na hEorpa ar maidin i Strasbourg mar chuid den tsraith "Seo í an Eoraip" 🇪🇺
Lean anseo ➡️ http://eptwitter.eu/q7As
🐦🔗: https://nitter.eu/Europarl_GA/status/1534430029404315651
Trathnóna inniu, cuirfidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa @EP_President agus @MichealMartinTD busta cré-umha de John Hume i láthair sa Pharlaimint i Strasbourg.
Chomh maith leis sin, labhróidh an Taoiseach leis an bParlaimint maidin amárach 08:00 (am na hÉireann)
🐦🔗: https://nitter.eu/Europarl_GA/status/1534149598184341504
Inniu, beidh an pacáiste #Oiriúnachdo55 á phlé ag an bParlaimint.
Is é is aidhm don phacáiste tograí creat comhleanúnach cothrom a chur ar fáil chun cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach ✅
Lean an díospóireacht anseo ➡️ http://eptwitter.eu/q79J
🐦🔗: https://nitter.eu/Europarl_GA/status/1534142034734456832
Beidh searmanas inniu chun 60 bliain den Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) a chomóradh!
I 2021, cheadaigh an Pharlaimint an CBT nua do na blianta 2023-2027 🚜
Breathnaigh siar ar stair iomlán an CBT ⤵️
http://eptwitter.eu/q77a
🐦🔗: https://nitter.eu/Europarl_GA/status/1533735460807270402
Tá an Pharlaimint ag glacadh teorainneacha níos déine i gcomhair astaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin agus ó veaineanna 🚗🚚
Tá na bearta seo a leanas glactha ag feisirí Eorpacha chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach ➡️http://eptwitter.eu/q77h
🐦🔗: https://nitter.eu/Europarl_GA/status/1532681908123054080
Tá an claochlú digiteach💻ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Aontais Eorpaigh 🇪🇺, agus tá feisirí na Parlaiminte ag obair chun cumas digiteach na hEorpa a neartú.
Tuilleadh eolais ➡️ http://eptwitter.eu/q76e
🐦🔗: https://nitter.eu/Europarl_GA/status/1532018024953352196
Tá feisirí ag iarraidh athchóiriú maidir le trádáil astaíochtaí (ETS) ar bun chun astaíochtaí carbóin in earnáil na tionsclaíochta a laghdú📉
Cén fáth a bhfuil gá le hathchóiriú? ↩️
http://eptwitter.eu/q75J
🐦🔗: https://nitter.eu/Europarl_GA/status/1531659619403186177
An mbeidh tú ag taisteal ✈️an Samhradh seo? An bhfuil imní ort faoi mhoill ar do thuras?
Léigh faoi do chearta mar phaisinéir san AE 👇
http://eptwitter.eu/q74C
🐦🔗: https://nitter.eu/Europarl_GA/status/1531286473030438912
Faoin mbliain 2020, sháraigh an 🇪🇺 a chuid spriocanna maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú!
Tá an tAontas ag obair ar athbhreithniú ar a reachtaíocht faoin bpacáiste ar a dtugtar #Oiriúnachdo55
Tuilleadh↩️http://eptwitter.eu/q73p
🐦🔗: https://nitter.eu/Europarl_GA/status/1530124841621258242
Tá taispeántas nua in Áras Stair na hEorpa darbh ainm 'Nuair a labhraíonn ballaí!'
📌Ar siúl ó 30 Aibreán 2022➡️Samhain 2022
📌Sa Bhruséil
Tuilleadh eolais 👉 http://eptwitter.eu/q72N
🐦🔗: https://nitter.eu/Europarl_GA/status/1529779384395124736
Comhghairdeas le @issu4u as an duais Éireannach a bhuachaint ag an searmanas bronnta don Duais Eorpach Charlemagne don Óige 🎉
#ECYP2022
RT @issu4u: ISSU Honorary President, Reuban Murray, is representing Ireland at the EU Charlemagne Youth Prize Ceremony in Achen, Germany. The Irish prize was awarded to the ISSU Student Council Charter, a project Reuban spearheaded last year.
🐦🔗: https://nitter.eu/Europarl_GA/status/1529463405844779008
An bhfuil suim agat cúrsa oiliúna a dhéanamh i bParlaimint na hEorpa?
Is mór na poist ina bhfuil an Ghaeilge 🇮🇪 ina buntáiste, sa Bhruséil agus san oifig in Éirinn.
✅Spriocdáta 30 Bealtaine
✅Íocaíocht i gceist
Tuilleadh eolais↩️
http://eptwitter.eu/q7yg
🐦🔗: https://nitter.eu/Europarl_GA/status/1528767716580020225
Unofficial automated mirror. No copyright asserted. ∎ Nuacht is déanaí de chuid na Parlaiminte. Tvuíteanna ón bhfoireann gréasáin. Atvuít ≠ seasamh oifigiúil.